CABHAIR I gCRUACHÁS (#13773)

An bhfuil aonduine chun fadhbanna a réiteach ach Dia amháin. Abair: moladh le Dia! Is é Dia é! Is seirbhísigh leis cách is leanann cách a bhriathar.

-The Báb
-----------------------

CABHAIR I gCRUACHÁS (#13774)

Abair: is é Dia a fhónann os cionn gach éinní do gach éinní agus níl aon rud ar neamh ná ar talamh nach bhfónann Dia dó. Go deimhin, as féin is é an Feasach, an Cothaitheoir, an tUile-Chumhachtach.

-The Báb
-----------------------

CABHAIR I gCRUACHÁS (#13775)

Achainím ort dar do Chumhacht, a Dhia! ná baineadh dochar dom in am cruacháis agus ar uairibh neamhairde déan mo chéimeanna a stiúradh chun an chirt trí do thinfeadh. Is tusa Dia atá cumasach ar an ní is mian leat a chur i gcrích. Ní féidir le héinne do thoil a chloí ná do rún a choscairt.

-The Báb
-----------------------

CABHAIR I gCRUACHÁS (#13776)

A Thiarna! is tusa a dhíbríonn uainn gach léan agus a scaipeann gach leatrom. Is tusa a ruaigeann gach ábhar bróin agus a fhuasclaíonn gach braighdeanach, a Shlánaitheoir na huile anama. A Thiarna! déan sinn a shaoradh trí do thrócaire agus déan mise a áireamh ar an dream sin de do chuid seirbhíseach ar shlánaigh tú iad.

-The Báb
-----------------------

CABHAIR I gCRUACHÁS (#13777)

Is é an Trua-Chroíoch, an tUile-Bhronntach! A Dhia, dearcann tú orm, tá aithne agat orm; is tú mo chaladh agus mo dhídean. Níor iarr mé ná ní iarrfaidh éinneach eile ach tú; níor shiúil mé ná ní shiúlfaidh cosán ar bith eile ach cosán do ghrá. Le linn oíche dhobrónach an éadóchais castar mo shúil, agus í tnúthánach, lán dóchais i  dtreo mhaidin d’fhabhair gan teorainn; agus le bánú an lae faigheann m’anam mhaolchluasach athnuachan agus neart ó bheith ag cuimhneamh ar d’áilleacht agus d’fhoirfeacht. An té a gcuideoidh grásta do thrócaire leis, cé nach mbeadh ann ach deoir, éireoidh leis a bheith ina aigéan, agus an t-adamh is lú dá bhfaighidh cabhair ó rabharta do chineáltais ghrách éireoidh leis soilsiú mar a bheadh réalt lonrach ann. Tabhair ar scáth do chosanta, a Spiorad na híonghlaine, a Sholáthraí Uile-Bhronntach, an seirbhíseach seo a bhfuil a anam spreagtha agus a chroí i ndaoirseacht agat. Cuidigh leis sa saol seo atá inár láthair a bheith daingean, buanseasmhach i do ghrá agus deonaigh go bhfaighidh an t-éan seo a bhfuil a sciathán briste aige dídean agus foscadh ar do nead dhiaga atá suite ar an chrann síoraí.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

CABHAIR I gCRUACHÁS (#13778)

A Dhia, m’ansacht is mo mhian! bí i do chara liom le linn m’uaignis agus i do chompánach agam le linn m’imirce. Bain díom mo chumha. Deonaigh go leanfaidh mé go dlúth do d’áilleacht. Déan mé a dhealú le gach éinneach ach tú féin. Tarraing chugat mé trí bholadh cumhra do naofachta. Lig dom caidreamh a dhéanamh i do ríocht leo siúd atá scartha ó gach éinní ach tú, atá ag tnúth le seirbhís a dhéanamh ag do thairseach bheannaithe agus atá réidh ag fanacht  le dul ag obair i do chúis-se. Cuir ar mo chumas a bheith ar bhean de do bhansearbhóntaí a bhfuil do dhea-thoil bainte amach aici. Go deimhin, is tusa an Ceansa, an Fial.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

